[tor-commits] [translation/tor_animation_completed] Update translations for tor_animation_completed

translation at torproject.org translation at torproject.org
Tue Sep 26 04:18:27 UTC 2017


commit b16ac7b2fbddd7eb9113d1cc148d665ce63611b4
Author: Translation commit bot <translation at torproject.org>
Date:   Tue Sep 26 04:18:25 2017 +0000

    Update translations for tor_animation_completed
---
 ga.srt | 162 +++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++
 1 file changed, 162 insertions(+)

diff --git a/ga.srt b/ga.srt
new file mode 100644
index 000000000..bd454d76b
--- /dev/null
+++ b/ga.srt
@@ -0,0 +1,162 @@
+1
+00:00:00,660 --> 00:00:02,780
+Táimid go léir an-chleachta leis an Idirlíon.
+
+2
+00:00:03,120 --> 00:00:07,700
+Foilsímid sonraí pearsanta agus eolas
+faoinár saol príobháideach gan sos:
+
+3
+00:00:08,000 --> 00:00:09,960
+an bia a ithimid, na daoine a gcasaimid leo,
+
+4
+00:00:10,180 --> 00:00:12,480
+na háiteanna ina bhfuilimid, agus an t-ábhar a léimid.
+
+5
+00:00:13,280 --> 00:00:14,640
+Lig dom míniú níos fearr a thabhairt duit.
+
+6
+00:00:14,920 --> 00:00:17,740
+Dá ndéanfadh duine éigin iarracht eolas fútsa
+a chuardach i láthair na huaire,
+
+7
+00:00:18,060 --> 00:00:22,480
+d'fheicfeadh sé nó sí cé thú féin,
+an áit ina bhfuil tú, do chóras oibriúcháin,
+
+8
+00:00:22,800 --> 00:00:26,500
+na suímh ar thug tú cuairt orthu,
+an brabhsálaí Gréasáin a úsáideann tú,
+
+9
+00:00:26,700 --> 00:00:29,140
+agus neart eolais eile fútsa
+agus faoi do shaol pearsanta
+
+10
+00:00:29,200 --> 00:00:31,500
+nach raibh tú ag iarraidh
+cur ar fáil do strainséirí
+
+11
+00:00:31,700 --> 00:00:34,000
+a bheadh in ann na sonraí seo a úsáid
+chun buntáiste a bhreith ort.
+
+12
+00:00:34,500 --> 00:00:37,000
+Mura bhfuil tú ag úsáid Tor!
+
+13
+00:00:37,140 --> 00:00:40,840
+Cosnaíonn Brabhsálaí Tor do phríobháideachas
+agus d'aitheantas ar an Idirlíon.
+
+14
+00:00:41,560 --> 00:00:44,760
+Úsáideann Tor trí shraith chriptiúcháin
+chun do cheangal a choinneáil slán
+
+15
+00:00:44,940 --> 00:00:49,760
+agus seolann sé do chuid sonraí trí trí fhreastalaí éagsúla,
+faoi stiúir saorálaithe, timpeall an domhain,
+
+16
+00:00:50,280 --> 00:00:53,520
+rud a ligeann duit cumarsáid a dhéanamh
+ar an Idirlíon gan d'aitheantas a nochtadh.
+
+17
+00:00:56,560 --> 00:00:58,280
+Chomh maith leis seo, cosnaíonn Tor do chuid sonraí
+
+18
+00:00:58,400 --> 00:01:01,900
+ar fhaire leictreonach, spriocdhírithe nó ar mórscála,
+faoi scáth comhlachtaí nó rialtais
+
+19
+00:01:02,880 --> 00:01:07,340
+B'fhéidir go bhfuil tú i do chónaí i dtír dhiansmachtúil
+a dhéanann faire leictreonach ar an Idirlíon.
+
+20
+00:01:07,900 --> 00:01:11,800
+Nó b'fhéidir nach bhfuil tú róshásta le mórchomhlachtaí
+a bhaineann tairbhe as do chuid sonraí pearsanta.
+
+21
+00:01:12,880 --> 00:01:15,640
+Cuireann Tor an chuma chéanna
+ar gach úsáideoir
+
+22
+00:01:15,920 --> 00:01:18,800
+rud a chuireann mearbhall ar chúlchoimhéadaithe agus
+a chuireann d'aitheantas i bhfolach.
+
+23
+00:01:19,500 --> 00:01:22,980
+Mar sin, dá mhéad daoine a úsáideann líonra Tor,
+is ea is láidre é
+
+24
+00:01:23,140 --> 00:01:27,800
+toisc go bhfuil sé níos éasca dul i bhfolach i measc
+slua daoine a bhfuil an chuma chéanna orthu.
+
+25
+00:01:28,700 --> 00:01:31,240
+Is féidir leat an chinsireacht a sheachaint,
+gan imní a bheith ort
+
+26
+00:01:31,400 --> 00:01:34,100
+go bhfeicfidh an cinsire céard atá
+ar siúl agat ar an Idirlíon.
+
+27
+00:01:36,540 --> 00:01:39,440
+Ní leanfaidh fógraí ar feadh míonna thú,
+
+28
+00:01:39,640 --> 00:01:41,300
+tar éis duit cliceáil ar tháirge uair amháin.
+
+29
+00:01:43,880 --> 00:01:47,380
+Nuair a úsáideann tú Tor, níl a fhios ag na suímh
+a dtugann tú cuairt orthu cé thú féin,
+
+30
+00:01:47,540 --> 00:01:49,760
+nó cén cearn den domhan
+ina bhfuil tú i do chónaí,
+
+31
+00:01:49,920 --> 00:01:51,920
+mura nochtann tú an t-eolas seo d'aon ghnó.
+
+32
+00:01:54,200 --> 00:01:55,840
+Trí Tor a íoslódáil agus a úsáid,
+
+33
+00:01:56,200 --> 00:01:58,560
+cosnaíonn tú na daoine nach mian leo a ainm a nochtadh,
+
+34
+00:01:58,880 --> 00:02:01,640
+mar shampla gníomhaígh, iriseoirí, agus blagálaithe.
+
+35
+00:02:02,000 --> 00:02:07,000
+Íoslódáil agus úsáid Tor! Nó cuir athsheachadán ag obair!
+



More information about the tor-commits mailing list